Heritage Week in Fingal August 18-26

Note English Below Preaseisiúint
16 Lúnasa 2018
Seachtain Oidreachta i bhFine Gall 18-26 Lúnasa 2018
Tá áthas orainn i gComhairle Contae Fhine Gall clár iontach d’imeachtaí ilghnéitheacha a léiriú le haghaidh Sheachtain na hOidhreachta 2018. Deis iontach is ea clár bliantúil Sheachtain na hOidhreachta a bheidh ar siúl idir 18-26 Lúnasa chun níos mó a fháil amach faoi oidhreacht do cheantair dhúchasaigh féin agus chun naisc a dhéanamh le daoine nua, chomh maith le scéalta a roinnt leo, agus aird á dhíriú ar an obair iontach atá á dhéanamh i bpobail fud fad na hÉireann chun an oidhreacht nádúrtha, tógtha agus chultúrtha seo againne a chaomhnú agus a chur chun cinn. Chun teacht ar eolas faoi cad atá ar siúl i bhFine Gall, téigh chuig ár suíomh gréasáin www.fingal.ie/ie nó féach ar www.heritageweek.ie
Beidh sraith cainteanna curtha ar siúl ag Leabharlanna Fhine Ghall, agus ina measc sin beidh ceann faoi Thionscadal Athchóirithe agus Atógála Chaisleán Bhrí Mhór a thabharfaidh Stiúrthóir Sinsearach Páirceanna Chomhairle Contae Fhine Gall, Kevin J. Halpenny, i Leabharlann Bhaile Brigín, Déardaoin an 23 Lúnasa @ 6.30 pm. I measc na gcainteanna eile a bheidh á tabhairt ann beidh Sam Green ag caint faoi Réadlann Dhún Sinche, beidh an t-údar Pádraic Fogarty ag tabhairt cuairte agus caint faoin dúlra leis, agus beidh ceardlanna staire muintire ann chomh maith le Fiona Fitzsimons ó Eneclann.
Beidh imeacht dátheangach ar siúl am lóin i gCaisleán Shoird a chuirfidh Bernie Kelly, Oifigeach Gaeilge, agus Christine Baker, Seandálaí Pobail, ar siúl Dé Máirt, 21 Lúnasa, chomh maith leis an teacht le chéile bliantúil de chuid Líonra Oidhreacha Fhine Ghall ina mbeidh scéalta á roinnt ag Cumainn Staire éagsúlachta Dé Céadaoin, 22ú Lúnasa. Beidh imeacht teaghlaigh ar siúl Dé Domhnaigh, 26 Lúnasa, i dTeach Newbridge ina mbeidh réimse d’imeachtaí spraíúla agus cultúrtha ar siúl agus beidh turais saor in aisce i gCaisleán Ard Giolláin ar bhuile na huaire ó 11am - 4pm.
Beidh Seandálaí Pobail Fhine Gall, Christine Baker, i gcomhoibriú leis an Tionscadal CHERISH, ag tabhairt faoi shuirbhé seandálaíochta ag Brí Mhór, Baile Brigín, Dé Sathairn, an 18 Lúnasa, agus mar chuid de sin beidh turas timpeall na dtuamaí meigiliteacha agus chomh maith leis sin beidh sí ag dul i gcomhar le pobail i gceantair éagsúla i bhFine Gall mar chuid de Thionscadal Shuirbhé Geoifisiceach Fhine Gall – What Lies beneath.
Tá slua mór d’imeachtaí eile a bheidh ar siúl le haghaidh Sheachtain Oidhreachta timpeall an Chontae agus is deis iontach dúinn é seo dul i ngleic leis an Oidhreacht atá ina mórthimpeall orainn. Tá oidhreacht shaibhir nádúrtha, tógtha agus chultúrtha i bhFine Gall agus is féidir teacht uirthi sin i rith na bliana ar fad trí chuairt a thabhairt ar an iliomad foirgneamh oidhreachta atá againn, trí dhul isteach le grúpa i do cheantar féin, nó fiú trí dhul amach agus trí thaitneamh a bhaint amach as oidhreacht do cheantarsa féin.
Ag seo, rogha de chuid de na himeachtaí a bheidh ar siúl:
Ócáid Líonra Oidhreachta Fhine Gall
Ag an imeacht seo beidh cumainn staire éagsúla ag tabhairt cuntais ghearra ar conas is féidir le caidreamh gan choinne, bíodh sé sin caidreamh scríofa nó caidreamh béil, a bheith ina gcúis le aimsithe iontacha nua. Ar siúl Dé Céadaoin, 22 Lúnasa, 8pm - 10pm, Ionad Paróiste Naomh Sylvester, Mullach Íde. Chun teacht ar thuilleadh eolais, féach ar malahidehistoricalsociety@gmail.com
Stair agus Gaeilge - Caisleán Shoird
Imeacht dátheangach a reáchtálfaidh Bernie Kelly, Oifigeach Gaeilge, agus Christine Baker, Seandálaí Pobail, sa Séipéal, Caisleán Shoird. Tar uait ag am lón, Dé Máirt, 21 Lúnasa ó a haon a chlog go dtí a 2 le haghaidh comhrá am lóin as Gaeilge agus faigh amach faoi stair an Chaisleáin agus faoin Tionscadal Seandálaíochta Pobail, ag Tochailt na Staire, a bhí ar siúl le déanaí. Bígí linn don imeacht saor in aisce seo. Sólaistí ar fáil.
What Lies Beneath - Tionscadal Shuirbhé Geoifisiceach Fhine Gall
Le linn Sheachtain na hOidhreachta beidh suirbhéir geoifisiceach agus an seandálaí pobail Christine Baker ag díriú ar an spás amuigh faoin spéir, in éineacht le pobail áitiúla sna ceantair seo a leanas chun fáil amach cad atá thíos faoin talamh iontu:
Páirc na Coirre Duibhe, Baile Átha Cliath 15 (Dé Céadaoin, 22)
Eaglais Naomh Colm Cille (Déardaoin, 23)
Chapel Farm, Lusca, (Dé hAoine, 24)
Eastát Pháirc an Róis, Baile An Ridire, (Dé Sathairn, 25 Lúnasa)
Fáilte roimh chách
Suirbhé Seandálaíochta ag Brí Mhór, Co. Bhaile Átha Cliath, faoi stiúir an Tionscadail CHERISH, an Discovery Programme agus Chomhairle Contae Fhine Gall.
Beidh Seandálaí Pobail Fhine Gall, i gcomhoibriú leis an Tionscadal CHERISH, ag tabhairt faoi suirbhé seandálaíochta ag Brí Mhór, agus mar chuid de sin beidh turas timpeall na dtuamaí meigiliteacha i gceist, chomh maith le suirbhé de na páirceanna agus ceacht ina ndéanfar déantáin agus gnéithe seandálaíochta a shainaithint. Beidh an t-imeacht ar siúl ar an 18 Lúnasa, 11am-2pm.
Imeachtaí de chuid Sheachtain na hOidhreachta i Leabharlanna Fhine Ghall.
Ceardlann Oidhreachta Nádúrtha do leanaí leis an Rediscovery Centre
Trí ghníomhartha a dhéanamh agus cluichí taitneamhacha a imirt, beimid ag féachaint ar bhiashlabhraí, ag déanamh bia-eangacha dúinne féin agus ag fáil amach faoi dhuaithníocht agus conas teacht slán san fhiántas! Ní Mór Áirithint a Dhéanamh
Leabharlann Dhomhnach Bat: Dé Luain, 20 Lúnasa @ 2.30 pm – 4 pm
Leabharlann Shoird: Dé Céadaoin, 22 Lúnasa @ 3 pm – 4.30 pm
Leabharlann Bhaile Dúill: Déardaoin, 23 Lúnasa @ 2.30 – 4 pm
Caint a thabharfar faoi Thionscadal Athchóirithe agus Atógála Chaisleán Bhrí Mhór
Séadchomhartha náisiúnta is ea Caisleán Bhrí Mhór i mBaile Brigín atá faoi sheilbh Chomhairle Contae Fhine Gall. Tá Bord Oideachais & Oiliúna Cho. Bhaile Átha Cliath agus Dhún Laoghaire tar éis urraíocht chuimsitheach a thabhairt d’atógáil agus d’athchóiriú an Chaisleáin a rinne oiliúnaithe a bhfuil páirt á ghlacadh acu i dTionscadal Oiliúna Áitiúla. Tar chun Feighlí Sinsearach Páirceanna Chomhairle Contae Fhine Gall, Kevin J. Halpenny le haghaidh caint ar an Tionscadal Atógála agus Athchóirithe seo. Fáilte roimh chách
Leabharlann Bhaile Brigín: Déardaoin, 23 Lúnasa @ 6.30 pm
Whittled Away - Ireland’s Vanishing Nature’ - Cuairt Údair agus Caint Nádúrtha
Beidh an t-údar agus éiceolaí Pádraic Fogarty ag tabhairt caint bunaithe ar an leabhar ‘Whittled Away - Ireland’s Vanishing Nature’ a scríobh sé. Fáilte roimh chách
Leabharlann Bhinn Éadair: Dé Céadaoin, 22 Lúnasa @ 6.30 pm
Leabharlann Mhullach Íde: Déardaoin, 23 Lúnasa @ 6.30 pm
Caint faoi Réadlann Dhún Sinche le Sam Green
Beidh Sam Green, mac léinn PhD in Institiúid Ard-Léinn Bhaile Átha Cliath, ag tabhairt caint faoi Réadlann Dhún Sinche. Is é Réadlann Dhún Sinche, atá mar chuid d’Institiúid Ard-Léinn Bhaile Átha Cliath sa lá atá inniu ann, ar an ionad taighde eolaíche a tógadh le sainchuspóir é is sine in Éirinn, agus osclaíodh é in 1785 mar an réadlann de chuid Choláiste na Tríonóide, Baile Átha Cliath. Fáilte roimh chách
Leabharlann Bhaile Bhlainséir: Déardaoin, 23 Lúnasa @ 6.30 pm
Conas áitreabh a aimsiú do m’anam: foinsí pósta don stair theaghlaigh - ceardlann á láithriú ag Fiona Fitzsimons ó Eneclann
Bainfidh Fiona triail as cás staidéir chun léiriú conas is féidir teacht ar a leithéid d’fhianaise agus conas an fhianaise sin a úsáid chun taighde a dhéanamh leat féin chun scéal stair do theaghlaigh féin a cumadh. Fáilte roimh chách
Leabharlann Bhaile Brigín: Dé Sathairn 25 Lúnasa @ 10.30am – 12.30pm Teil: 01 870 4401 / R phost balbrigganlibrary@fingal.ie
Cuir neasghaol ar an eolas: foinsí don stair theaghlaigh - ceardlann á rith faoi stiúir Fiona Fitzsimons ó Eneclann
Bainfidh sí triail as cás staidéir chun léiriú conas is féidir teacht ar a leithéid d’fhianaise agus conas an fhianaise sin a úsáid chun taighde a dhéanamh leat féin chun scéal stair do theaghlaigh féin a cumadh. Fáilte roimh chách
Leabharlann Bhaile Bhlainséir: Dé Sathairn 25 Lúnasa 2.30pm – 4.30pm Teil: 01 890 5563 / R phost blanchlibrary@fingal.ie
Críoch Tuilleadh eolais press@fingal.ie

Press Release August 13, 2018 Heritage Week in Fingal August 18-26
Fingal County Council is delighted to present an exciting and varied programme of events for Heritage Week 2018. The annual Heritage Week programme which runs from 18-26 August is a great opportunity to learn more about your local heritage and make connections with new people and stories while shining a spotlight the great work that is carried out in all communities in Ireland to preserve and promote our natural, built and cultural heritage. To find out what is happening in Fingal visit our website www.fingal.ie or see www.heritageweek.ie
Fingal Libraries will present a series of talks including one on the Bremore Castle Restoration and Reconstruction Project by Fingal County Council’s Senior Parks Superintendent Kevin J. Halpenny in Balbriggan Library on Thursday 23 August @ 6.30 pm. Other talks will include Sam Green on Dunsink Observatory, author visit and nature talk by Páraic Fogarty and family history workshops with Fiona Fitzsimons of Eneclan.
There will be a bilingual event at lunch time in Swords castle hosted by Bernie Kelly, Irish Officer and Christine Baker Community Archaeologist on Tuesday 21st as well as the annual Fingal Heritage Network get together as various Historical Societies share stories on Wendesday 22nd. Newbridge House will host a family event on Sunday August 26th with a range of fun and cultural events and Ardgillan Castle will have free tours daily on the hour from 11am to 4pm.
On Saturday the 18th in collaboration with the CHERISH Project, Fingal’s Community Archaeologist Christine Baker will be undertaking an archaeological survey at Bremore, Balbriggan including a tour of the megalithic tombs and she will also be engaging with communities in a number of areas in Fingal through the Fingal Geophysical Survey Project – What Lies beneath.
There are a host of other activities taking place within the county for Heritage Week and this is a great opportunity to engage with the Heritage that surrounds us. Fingal has a rich natural, built and cultural heritage and this can be explored all year round whether by visiting our many heritage properties or getting involved in a group in your area or just getting out and enjoying what your community has to offer.
For full details visit our website http://www.fingal.ie/news-and-events/heritage-week-18--26-august-2018/ or see www.heritageweek.ie
Here is a selection of the events happening:
Fingal Heritage Network event -
At this event members of various Fingal historical societies will give short accounts of how chance encounters, either verbal or written, can lead to exciting new discoveries. Event takes place Wednesday 22 August, 8pm - 10pm St. Sylvester's Parish Centre, Malahide further information malahidehistoricalsociety@gmail.com
Stair agus Gaeilge Caisleán Shoird
Bilingual event hosted by Bernie Kelly Irish Officer and Christine Baker Community Archaeologist in the Chapel Swords Castle. Come along at lunch time on Tuesday August 21st from 1 to 2 for a lunchtime chat as Gaeilge and learn about the history of the Castle and the recent Digging History Community Archaeology Project. Bígí linn don imeacht saor in aisce seo. Soláistí ar fáil. Refreshments provided.
What Lies Beneath - Fingal Geophysical Survey Project
This project is a means to engaging communities with an overlooked archaeological resource within their open spaces. During heritage week a geophysical surveyor and community archaeologist Christine Baker, along with the local communities will be targeting the open space of Rosepark estate Balrothery (Saturday 25 August), Chapel Farm , Lusk, (Friday 24) St Columba’s Swords (Thursday 23) as well as Corduff Park, Dublin 15 (Wednesday 22) to uncover what lies beneath. All welcome
Archaeological survey at Bremore, Co. Dublin led by the CHERISH Project, The Discovery Programme and Fingal County Council
In collaboration with the CHERISH Project, Fingal’s Community Archaeologist will be undertaking an archaeological survey at Bremore, including tour of the megalithic tombs, walkover survey of the fields and artefact and feature identification. Taking place 18 August 11am-2pm. This event will teach the basic skills in archaeological walk survey and artefact/feature identification. Participants may expect to come across a variety of artefacts as Bremore is a multiperiod site with megaliths dating back to 5000 BC and later historic settlement dated to the 16th century with an associated harbour.
Events in Fingal Libraries
Natural Heritage Workshop for children with the Rediscovery Centre
Through fun activities and games we will investigate food chains, create our own food web and learn all about camouflage and survival in the wild! Booking Essential
Donabate Library: Monday 20 August @ 2.30 pm – 4 pm
Swords Library: Wednesday 22 August @ 3 pm – 4.30 pm
Baldoyle Library: Thursday 23 August @ 2.30 – 4 pm
Talk on Bremore Castle Restoration and Reconstruction Project
Join Fingal County Council’s Senior Parks Superintendent Kevin J. Halpenny for a talk on this Restoration and Reconstruction Project. All Welcome
Balbriggan Library: Thursday 23 August @ 6.30 pm
Whittled Away - Ireland’s Vanishing Nature’ - Author Visit and Nature Talk
Author and ecologist Pádraic Fogarty will give a talk based on his book ‘Whittled Away - Ireland’s Vanishing Nature’.
Howth Library: Wednesday 22nd August @ 6.30 pm
Malahide Library: Thursday 23rd August @ 6.30 pm
Talk on Dunsink Observatory by Sam Green
Sam Green PhD student at the Dublin Institute for Advanced Studies gives a talk on Dunsink Observatory.
Blanchardstown Library: Thursday 23rd August @ 6.30 pm
How to find my soul a home: marriage sources for family history - workshop by Fiona Fitzsimons of Eneclann
Using case-studies, Fiona will explore where evidence can be found and how to use it to build your research and write your family history narrative. All welcome
Balbriggan Library: Saturday 25th August @ 10.30am – 12.30pm Tel: 01 870 4401 / E mail balbrigganlibrary@fingal.ie
Notify next of kin: sources for family history - workshop by Fiona Fitzsimons of Eneclann
Using case-studies, she will explore where evidence can be found and how to use it to build your research and write your family history narrative. All welcome
Blanchardstown Library: Saturday 25th August 2.30pm – 4.30pm Tel: 01 890 5563 / E mail blanchlibrary@fingal.ie