Reáchtálfar Fleadh Laighean i Sord i 2020 - Leinster Fleadh to be held in Swords in 2020
In English Below.

PREASEISIÚINT
13 Meán Fómhair, 2018
Reáchtálfar Fleadh Laighean i Sord i 2020
Beidh Fleadh Laighean 2020 ar siúl i Sord agus, má éiríonn go maith leis, d’fhéadfadh Bord Contae Bhaile Átha Cliath de Chomhaltas Ceoltóirí Éireann agus Comhairle Contae Fhine Gall tairiscint a dhéanamh chun Fleadh Ceoil na hÉireann a reáchtáil sa bhaile.
Beidh Fleadh Laighean ar siúl ar feadh na seachtaine, agus beidh sé á óstáil ag Bord CCÉ Chontae Bhaile Átha Cliath i gcomhar le Comhairle Contae Fhine Gall ón 5 Iúil go dtí an 12 Iúil, 2020 i Sord agus beidh ceiliúradh speisialta ann chun comóradh 60 bliain de bhunú Chomhairle Laighean agus óstáil den chéad Fleadh Laighean i 1960 a cheiliúradh.
Mar dhlaíóg mhullaigh d’Fhleadh Laighean, a mhairfidh ar feadh seachtaine, tiocfaidh 4,500 buaiteoir ó 12 Fleadh Contae an chúige go Sord an 10 Iúil, 11 agus 12 leo féin nó mar dhísréad, tríréid, bannaí ceoil agus mar ghrúpaí chun dul in iomaíocht lena gcéile le haghaidh áiteanna i mBabhta Ceannais na hÉireann a bhaint amach.
Dúirt Mary Whelan, Cathaoirleach Bhord Contae Bhaile Átha Cliath, CCÉ: “Is mór an onóir é do Bhord Chontae CCÉ Bhaile Átha Cliath a bheith ina óstach d’Fhleadh Laighean i rith comóradh 60 bliain de Chomhairle Laighean agus táimid ag tnúth le bheith ag obair le Comhairle Contae Fhine Gall ionas go mbeidh sé ina ócáid dhodhearmadta . Más féidir linn é sin a bhaint amach go rathúil, is cinnte go ndéanfaimid iarracht Fleadh Ceoil na hÉireann a thabhairt go Sord sa todhchaí."
Dúirt an Comhairleoir Anthony Lavin, Méara Fhine Gall: “Leis an bhFleadh Fhine Gall a reáchtáladh i Sord thar an deireadh seachtaine, taispeánadh cé chomh láidir is atá an spéis i gceol agus i gcultúr na hÉireann i bhFine Gall. Beidh an reáchtáil d’Fhleadh Laighean mar an chéad chéim intuigthe eile agus táimid ag tnúth le fáilte a chur roimh chuairteoirí ó gach cearn de Laighin agus thairis go Fine Gall i 2020."
I mbliana, chonacthas níos mó ná 11,000 cuairteoir ag Fleadh Laighean sa Mhuine Bheag, Co. Cheatharlach agus ba é Fleadh TV, craoladh beo den imeacht, an clár leis an líon is mó de lucht féachana ar TG4 an tseachtain sin le rátáil lucht féachana de 175,000.
Dúirt Paul Reid, Príomhfheidhmeannach Chomhairle Contae Fhine Gall: “Tá go leor taithí againn maidir le himeachtaí móra a reáchtáil agus leis an bhFleadh Laighean i Sord, tabharfar deis iontach dúinn a thaispeáint go bhféadfaidh an baile a bheith ina óstach d’Fhleadh na hÉireann. Táimid ag tnúth le bheith ag obair le Bord Contae Bhaile Átha Cliath, Comhairle Laighean agus Comhaltas Ceoltóirí Éireann chun Fleadh a sheachadadh, a fhreastalaíonn ar rannpháirtithe agus ar chuairteoirí araon agus a chinntíonn go mbainfidh siad taithí iontach as.”

Fingal County Council
PRESS RELEASE
September 11, 2018
Leinster Fleadh to be held in Swords in 2020
The 2020 Leinster Fleadh is to be held in Swords and, if successful, could lead to a bid being made by the Dublin County Board of Comhaltas Ceoltóirí Éireann and Fingal County Council to bring the All-Ireland Fleadh Cheoil to the town.
The week-long Leinster Fleadh will be hosted by the Dublin County Board in partnership with Fingal County Council from July 5 to 12, 2020 in Swords and there will be special celebrations to mark the 60th anniversary of the formation of Comhairle Laighean and the hosting of the first Leinster Fleadh in 1960.
The week-long Leinster Fleadh will culminate in 4,500 winners from the province’s 12 county fleadhlanna arriving in Swords on July 10, 11 and 12 as individuals, duets, trios, bands and groups to battle it out for places in the All-Ireland Finals.
Mary Whelan, Cathaoirleach of the Dublin County Board, CCÉ, said: “To be given the task of hosting the Leinster Fleadh during the 60th anniversary year of Comhairle Laighean is a huge honour for the Dublin County Board and we are looking forward to working with Fingal County Council to make it an event to remember. If we can do that successfully then we will definitely look to bring Fleadh Cheoil na hEireann to Swords in the future.”
Cllr Anthony Lavin, Mayor of Fingal, said: “The Fingal Fleadh which took place in Swords over the weekend showed just how strong the interest in Irish music and culture is in Fingal. Hosting the Leinster Fleadh is the natural next step and we look forward to welcoming visitors from all over Leinster and beyond to Fingal in 2020.”
This year’s Leinster Fleadh in Bagnalstown saw over 11,000 visitors descend on the Co Carlow town while Fleadh TV which broadcast live from the event was the number one programme on TG4 that week with an audience rating of 175,000.
Paul Reid, Chief Executive of Fingal County Council, said: “We have a lot of experience in staging major events and hosting the Leinster Fleadh in Swords will give us the perfect opportunity to show the town’s potential as a possible host of the All-Ireland Fleadh. We are looking forward to working with the Dublin County Board, Comhairle Laighean and Ceoltois Ceoltóirí Éireann to deliver a Fleadh that caters for participants and visitors alike and ensures that they all have an experience to remember.”
